Bhí vótaíocht ag an reifreann ar siúl Dé Sathairn, 19ú Deireadh Fómhair, 2002.
Áiríodh an ráiteas seo a leanas mar eolas do vótálaithe ar ábhar an reifrinn i
mbileog a seoladh chuig gach toghthóir:
“1. Is é atá beartaithe leis an mBille um an Séú Leasú is Fiche ar an
mBunreacht, 2002, na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh
fho-alt 6° d'alt 4 d'Airteagal 29 den Bhunreacht:
‘7° Tig leis an Stát Conradh Nice ag leasú an Chonartha ar an
Aontas Eorpach, na gConarthaí ag bunú na gComhphobal
Eorpach agus Ionstraimí gaolmhara áirithe, a síníodh in Nice an
26ú lá d'Fheabhra, 2001, a dhaingniú.
8° Tig leis an Stát na roghnuithe nó na roghanna a fheidhmiú a
shocraítear le hAirteagail 1.6, 1.9, 1.11, 1.12, 1.13 agus 2.1 den
Chonradh dá dtagraítear i bhfo-alt 7° den alt seo nó fúthu ach
beidh aon fheidhmiú den sórt sin faoi réir ceadú a fháil roimh ré
ó dhá Theach an Oireachtais.
9° Ní ghlacfaidh an Stát cinneadh arna dhéanamh ag an
gComhairle Eorpach chun comhchosaint a bhunú de bhun
Airteagal 1.2 den Chonradh dá dtagraítear i bhfo-alt 7° den alt
seo i gcás ina mbeadh an Stát san áireamh sa chomhchosaint
sin."