Bhí vótaíocht ag an reifreann ar siúl ar an Déardaoin, 18ú Meitheamh, 1992.
Rinneadh cur síos ar ábhar an reifrinn mar seo a leanas ar an gcárta vótála
oifigiúil a seoladh chuig gach toghthóir:
"Molann AN tAONÚ LEASÚ DÉAG AR AN mBUNREACHT, 1992, a
bhaineann le hAirteagal 29 den Bhunreacht a leasú, an tríú habairt i bhfo-alt 4
de a aisghairm agus na fo-ailt seo a leanas a chur isteach in alt 4:
4° Tig leis an Stát an Connradh ar an Aontas Eorpach a sínigheadh i
Maastricht ar an 7adh lá d'Fheabhra, 1992, do dhaingniú agus tig leis do
bheith ina chomhalta den Aontas san.
5° Ní dhéanann aon fhoráileamh atá insan Bhunreacht so aon dlighthe
d'achtuigh, gníomhartha do rinne nó bearta le n-ar ghlac an Stát, de
bhíthin riachtanais na n-oibleagáidí mar chomhalta den Aontas Eorpach
nó de na Comhphobail do chur ó bhail dlighidh ná cosc do chur le
dlighthe d'achtuigh, gníomhartha do rinne nó bearta le n-ar ghlac an
tAontas Eorpach nó na Comhphobail nó institiúidí díobh, nó comhluchtaí
atá inneamhail fá na Connarthaí ag bunú na gComhphobal, ó fheidhm
dlighidh do bheith aca sa Stát.
6° Tig leis an Stát an Comhaontú maidir le Paitinní Comhphobail a
tarrainguigheadh suas idir Ballstáit na gComhphobal agus a rinneadh i
Lucsamburg ar an 15adh lá de Nollaig, 1989, do dhaingniú."