Bhí vótaíocht ag an reifreann ar siúl Dé hAoine, 24ú Samhain, 1995.
Rinneadh cur síos ar ábhar an reifrinn mar seo a leanas sa chárta vótála oifigiúil
a seoladh chuig gach toghthóir:
‘Molann AN BILLE UM AN gCÚIGIÚ LEASÚ DÉAG AR AN mBUNREACHT
(UIMH. 2), 1995, an fo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt 2 d’Airteagal 41.3
den Bhunreacht:
"2° Féadfaidh Cúirt a bheidh ainmnithe le dlí scaoileadh ar phósadh a thabhairt
sa chás, ach sa chás amháin, gur deimhin léi—
i. go raibh, ar dháta thionscnamh na n-imeachtaí, tréimhse ceithre
bliana ar a laghad, nó tréimhsí ceithre bliana ar a laghad san iomlán,
caite ag na céilí ina gcónaí ar leithligh óna chéile le linn na gcúig
bliana roimhe sin,
ii nach bhfuil ionchas réasúnach ar bith ann go mbeidh comhréiteach
idir na céilí,
iii go bhfuil cibé socrú ann, nó go ndéanfar cibé socrú, is dóigh leis an
gCúirt a bheith cuí ag féachaint do na himthosca, le haghaidh na
gcéilí, le haghaidh aon leanaí le ceachtar acu nó leis an mbeirt acu
agus le haghaidh aon duine eile a bheidh forordaithe le dlí, agus
iv go gcomhlíontar aon choinníollacha breise a bheidh forordaithe le
dlí." .’