Bhí vótaíocht ag an reifreann ar siúl Dé hAoine, 8ú Márta 2024 idir 7 a.m. agus 10 p.m. Áiríodh an ráiteas seo a leanas mar eolas do vótálaithe ar ábhar an reifrinn i mbileog a seoladh chuig gach toghthóir:
Bille um an Naoú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht (An Teaghlach), 2023 – páipéar ballóide BÁN
Fiafraítear díot sa reifreann seo an aontaíonn tú leis an togra–
(a) chun fo-alt 1° d’Airteagal 41.1 den Bhunreacht a leasú trí “, bíodh sé bunaithe ar an bpósadh nó ar chóngais bhuanfasacha eile,” a chur isteach i ndiaidh “an Teaghlach”, ionas go bhforálfaí leis an bhfo-alt mar a leanas:
“1° Admhaíonn an Stát gurb é an Teaghlach, bíodh sé bunaithe ar an bpósadh nó ar chóngais bhuanfasacha eile, is buíon-aonad príomha
bunaidh don chomhdhaonnacht de réir nádúir, agus gur foras morálta é ag a bhfuil cearta doshannta dochloíte is ársa agus is airde
ná aon reacht daonna.”
agus
(b) chun an fo-alt seo a leanas a scriosadh as Airteagal 41.3 den Bhunreacht:
“1° Ós ar an bPósadh atá an Teaghlach bunaithe gabhann an Stát air féin coimirce faoi leith a dhéanamh ar ord an phósta agus é a chosaint ar ionsaí.”
agus an méid seo a leanas a chur in ionad an fho-ailt sin:
“1° Gabhann an Stát air féin coimirce faoi leith a dhéanamh ar ord an Phósta agus é chosaint ar ionsaí.”