Bhí vótaíocht ag an reifreann ar siúl Dé hAoine, 11ú Meitheamh, 1999. Bhí toghcháin do Pharlaimint na hEorpa agus d’údaráis
áitiúla ar siúl ar an lá céanna. Áiríodh an ráiteas seo a leanas mar eolas do
vótálaithe ar ábhar an reifrinn i mbileog a seoladh chuig gach toghthóir:
Molann 'AN BILLE UM AN FHICHIÚ LEASÚ AR AN mBUNREACHT (Uimh.
2), 1999, an tAirteagal seo a leanas a chur isteach i ndiaidh Airteagal 28
den Bhunreacht:
“RIALTAIS ÁITIÚIL
Airteagal 28A
1. Admhaíonn an Stát an ról atá ag rialtas áitiúil maidir le fóram a chur ar fáil
le haghaidh ionadaíochta daonlathaí do phobail áitiúla, maidir le
cumhachtaí agus feidhmeanna a bheirtear le dlí a oibriú agus a
chomhlíonadh ag leibhéal áitiúil agus maidir le leasanna na bpobal sin a
chur chun cinn trína thionscnaimh.
2. Beidh cibé údaráis áitiúla dhírthofa ann a chinnfear le dlí agus déanfar a
gcumhachtaí agus a bhfeidhmeanna a chinneadh amhlaidh, faoi chuimsiú
fhorálacha an Bhunreachta seo, agus oibreofar agus comhlíonfar iad de
réir dlí.
3. Ní foláir toghcháin do chomhaltaí de na húdaráis áitiúla sin a dhéanamh
de réir dlí tráth nach déanaí ná deireadh an cúigiú bliain tar éis na bliana
ina ndearnadh go deireanach iad.
4. Gach saoránach ag a bhfuil ceart vótála i dtoghchán comhaltaí do Dháil
Éireann agus cibé daoine eile a chinnfear le dlí, beidh ceart vótála acu i
dtoghchán comhaltaí cibé údaráis áitiúla dá dtagraítear in alt 2 den
Airteagal seo a chinnfear le dlí.
5. Déanfar corrfholúntais i gcomhaltas údarás áitiúil dá dtagraítear in alt 2
den Airteagal seo a líonadh de réir dlí.”.’