Bhí vótaíocht ag an reifreann ar siúl Dé hAoine, 25ú Bealtaine, 2018.Áiríodh an ráiteas seo a leanas mar eolas do vótálaithe ar ábhar an reifrinn i
mbileog a seoladh chuig gach toghthóir:
Bille um an Séú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht 2018
Fiafraítear díot an aontaíonn tú leis an togra—
(i) chun an fo-alt seo a leanas a scriosadh as Airteagal 40.3 den Bhunreacht:
“3° Admhaíonn an Stát ceart na mbeo gan breith chun a mbeatha agus,
ag féachaint go cuí do chomhcheart na máthar chun a beatha,
ráthaíonn sé gan cur isteach lena dhlíthe ar an gceart sin agus
ráthaíonn fós an ceart sin a chosaint is a shuíomh lena dhlíthe sa
mhéid gur féidir é.
Ní theorannóidh an fo-alt seo an tsaoirse chun taisteal idir an Stát
agus stát eile.
Ní theorannóidh an fo-alt seo saoirse chun faisnéis a fháil nó a chur ar
fáil sa Stát maidir le seirbhísí atá ar fáil go dleathach i stát eile ach sin
faoi chuimsiú cibé coinníollacha a fhéadfar a leagan síos le dlí.”,
agus
(ii) chun an méid seo a leanas a chur in ionad an fho-ailt sin:
“3° Féadfar socrú a dhéanamh le dlí chun foirceannadh toirchis a rialáil.”.