Faoi Alt 20 den Acht Toghcháin, 1992 (arna leasú le hAlt 97(a) den Acht um Athchóiriú Toghcháin, 2022), tá údaráis chlárúcháin freagrach as Clár na dToghthóirí atá iomlán agus cruinn a thiomsú agus a chothabháil. Tá gach ceann de na 31 údarás clárúcháin in Éirinn freagrach as Clár na dToghthóirí a chothabháil ina limistéar feidhme féin. Iarrann an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta staitisticí maidir le Clár na dToghthóirí ó údaráis chlárúcháin, agus tiomsaíonn agus foilsíonn sí na sonraí. Roimh 2023, tiomsaíodh staitisticí Chlár na dToghthóirí ar bhonn bliantúil i mí Feabhra (nuair a tugadh na cláir chun críche). Tar éis an próiseas clárúcháin a nuachóiriú tríd an Acht um Athchóiriú Toghcháin, 2022, rinneadh Clár na dToghthóirí a chlárú ar bhonn leanúnach nó mar “chlár rollach”, gan aon spriocdhátaí maidir le clárú ach amháin roimh imeachtaí toghcháin. Mar thoradh air sin, is féidir staitisticí Chlár na dToghthóirí a thiomsú anois de réir mar is gá.
Soláthraíonn an tacar sonraí seo miondealú ar líon na dtoghthóirí Uachtaránachta, na dtoghthóirí Dála, na dtoghthóirí Eorpacha agus na dtoghthóirí áitiúla ar bhonn údaráis áitiúil. Tá toghthóirí Uachtaránachta i dteideal vóta a chaitheamh i ngach toghchán agus reifreann. Tá toghthóirí Dála i dteideal vóta a chaitheamh i dtoghcháin Dála. Áirítear leis sin toghthóirí na Breataine atá cláraithe chun vóta a chaitheamh in Éirinn. Tá toghthóirí Eorpacha i dteideal vóta a chaitheamh i dtoghcháin Pharlaimint na hEorpa. Áirítear leis sin saoránaigh de thíortha eile an AE a bhfuil gnáthchónaí orthu in Éirinn. Tá toghthóirí áitiúla i dteideal vóta a chaitheamh i dtoghcháin áitiúla. Áirítear leis sin gach duine a bhfuil gnáthchónaí orthu in Éirinn. Léirítear sa tacar sonraí freisin líon na vótálaithe poist agus vótálaithe speisialta atá cláraithe chun vóta a chaitheamh i ngach limistéar údaráis áitiúil. Caitheann toghthóirí poist a vóta i dtoghcháin agus i reifrinn trí bhallóid poist, agus caitheann toghthóirí speisialta a vóta i dtithe altranais, in áiseanna meabhairshláinte nó in áiseanna cúraim comhchosúla ina bhfuil gnáthchónaí orthu.
Ba chóir a thabhairt faoi deara nach bhfuil an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta freagrach as cruinneas na sonraí seo, ar tiomsú iad de shonraí arna soláthar ag na húdaráis áitiúla.